ceist na hÁisitheoirí Pobail agus Teangain sa Rinn/Seana Phobal

Issued : Thursday 11 February, 2010

FYI Coiste Forbartha an tSeana Phobal agus Comhairle Pobail na Rinne:
 
Mar a bhí pléite ag an gcruinniú réigiúnda sa Rinn ar an gCéadaoin, tá Údarás na Gaeltachta ag gníomhú ar ceist na hÁisitheoirí Pobail agus Teangain sa Rinn/Seana Phobal.
 
Ag an gcruinniú Bord 'sna Forbacha inniu, thapaigh me an deis chun iarraidh ar an bPríomh Fheidhmeannach (an t-Uas. Pádraig Ó hAoláin) ráiteas soléirithe a dhéanamh ar an ábhar. Isé a dúirt sé leis an mBord ná go bhfuiltear ag leanúint le plé maidir le maoiniú a chinntiú d'eagraíochtaí 'sna Gaeltachtaí, ionas go mbeadh cumas acu daoine a fhostú ar mhaithe le gníomhaíocht forbartha pobail agus teangain. Dhearbhaigh sé, sa mhéid sin, go mbeidh moladh ar bhuiséad airgid uaidh le teacht ós comhair an Bhoird agus go mbeidh tacaíocht do Chomhlacht Forbartha na nDéise san áireamh ann. Gan dabhat, idir seo agus an cruinniu úd ag deireadh mí Eanair, beidh an Údarás i dteagmháil díreach le Comhlacht Forbartha na nDéise maidir le cad is féidir a shocrú.

Mar sin, in ainneoin tuile droch scéal ó thaobh maoiniú an Údaráis ón Stáit tagtha le cúpla lá anuas, is léir go dtiocfaidh rud éigin suntasach as an méid thuas.

Digital Revolutionaries