Iarrathóir don Uachtarántacht Michael D. Higgins ar cúirt go Phort Láirge
Issued : Monday 4 July, 2011
Ar na cúirteoirí go cathair Phort Láirge le haghaidh Féile Rás Long na gCrann Árda, bhí iarrathóir Phairtí an Lucht Oibre do thoghchain na hUachtarántachta Michael D. Higgins.
Bhí a eagraíocht áitiúil ‘sna Déise ana shásta leis an glacadh a bhí i measc na mílte a bhuail le Michael D. agus é ag siúl i measc na sluaite ar na Céibheanna i bPort Láirge. Tar éis seal a chaitheamh i bhfochair an úr Theachta Dála áitiúil Ciara Conway ar na sráideanna ag buaileadh leis an bpobal tráthnóna Déardaoin an 30ú lá Meithimh, bhí Michael D. ar an tinrimh a bhi i láthair sa Tower Hotel an oiche sin do Dhinnéar na gCaptaen – áit a chas sé le ana chuid de na h-aoíanna idirnáisiúnta agus le Méara Phort Láirge Pat Hayes, a chomhghuaillí i bPáirtí an Lucht Oibre.
Bhí seal canbhasála eile ag Michael D. maidin Aoine an chéad lá Iúil agus dhein sé agallamh beo leis an raidio áitiúil WLR fm ón studio sealadach a bhí ag Túr na gClog acu in lár na cathrach. Ina measc siúd a chuir fáilte roimh Michael D. ar an gCé, bhí an Déiseach Fiachra Ó Céilleachair – atá ina Chomhalta ar Bhord Údarás na Gaeltachta do cheantair na Rinne agus an tSeana Phobal ó 1999 ar aghaidh.
Ag labhairt dó fé Michael D., dúirt an Comhalta Ó Céilleachair:
“Táim ana shásta lán tacaíochta a thabhairt do Michael D. Thar aon rud eile, léiríonn a fhís agus gníomh maidir le thógra TG4 a chur ar bun agus é ina Aire Gaeltachta agus Cúltúr na buanna atá oiriúnach mar Uachtarán na hÉireann dúinn. Fuaireathas ana thacaíocht le tamall anuas chomh maith ó Michael D. domsa agus daoine eile a bhí ag saothrú chun Údarás na Gaeltachta a choimeád ar an bhfód mar eagraíocht cumasach.”
Ag labhairt dó i bPort Láirge, as Gaelainn ar ndóigh, dúirt Michael D.:
“Tá áthas orm gurb ins na cúinnsí seo go bfuilim anseo ‘sna Déise agus cathair ársa Phort Láirge. Tá traidisiún iontach i gcúrsaí mara ag cathair agus contae Phort Láirge – Dún Garbhán agus Ceann Heilbhic san áireamh ar ndóigh. Is léir gur láthair den scoth é Port Láirge le haghaidh cúirt ó Rás na gCrann Árda. Deis iontach atá ann chun an ‘Cead Mile Fáilte’ d’fheiscint fé lán tseol, mar a deirfeá. Cuireann sé gliondar orm an sár réime bia, ceol agus ceárd a bheith chun cinn ar bhruach na Siúire. Beidh mé ag filleadh go luath agus lán mhuinín agam go mbeidh an oiread sin dea scéalta le clos i dtaobh tionchar na laethannta seo.”
